Bunachair Sonraí & Seirbhísí Ar Líne
Cuireann leabharlanna GMIT rochtain ar fáil ar liosta cuimsitheach acmhainní ar líne chun tacú leis an bhfoghlaim agus leis an teagasc. Déan teagmháil le do thoil le Maura Stephens, leabharlannaí córas, le haghaidh breis eolais. Cuireann láithreán gréasáin na leabharlainne naisc ar fáil le hacmhainní neamh-tháille spéise i réimsí ábhar eile de chuid GMIT.

Deasc Cúrsaíochta/Faisnéise
Tá sé suite ar an mbunurlár. Bain úsáid as an deasc cúrsaíochta chun leabhair a thógáil ar iasacht agus a thabhairt ar ais, chun fiosrúcháin a dhéanamh faoi chuntas, áirithintí agus cúnamh chun ábhar leabharlainne a aimsiú nó faoi aon cheann de shaoráidí nó seirbhísí na leabharlainne a úsáid.

Is gá cárta reatha ID GMIT le haghaidh iasachta.

  • Féadfaidh neacha léinn suas le 5 leabhar a thógáil ar iasacht ar feadh 1 seachtain.
  • Féadfar leabhair ficsin a thógáil ar iasacht ar feadh 4 seachtain.
  • Féadfar leabhair ghearriasachta a thógáil ar iasacht ar feadh 24 uair.
  • Féadfar ábhar deasc-choimeádta & tráchtais a fháil ar iasacht ar feadh 3 huaire (lena n-úsáid sa leabharlann amháin).
  • Ní féidir Ábhar Tagartha, Irisí, Foilseacháin Oifigiúla & Páipéir Scrúdaithe a úsáid ach sa leabharlann amháin.

Má bhionn míreanna thar téarma, cuirfear na pribhléidí iasachta ar fionraí go dtí go dtugtar ar ais gach mír atá thar téarma agus go n-íocfar na fíneálacha atá dlite.

Gearrtar fíneálacha mar a leanas:

  • Stoc ginearálta 20c in aghaidh an lae
  • Iasacht ghearr 20c in aghaidh na huaire
  • Deasc-choimeád 50c in aghaidh na huaire

Cuideoidh baill foirne ag an deasc faisnéise leat agus treoróidh siad thú agus tú ag iarraidh faisnéis a aimsiú sa leabharlann.

Cuir Glao Orainn
Féadfaidh tú glao teileafóin a chur orainn ag deasc fiosrúcháin na neach léinn le linn uaireanta oscailte.
Gaillimh 091-742785
Cluain Mhuire 091-745409
Caisleán an Bharraigh 094-9043146
Leitir Fraic 095-9041660

Iarratais/Áirithintí
Féadfar míreanna atá ar iasacht a chur in áirithe ionas chomh luath agus a thugtar leabhar ar ais go gcoinneofar é ag an deasc eisiúna don iasachtaí a rinne áirithint air.

Iasachtaí Idirbhrainse
Féadfar míreanna atá á gcoinneáil i leabharlanna eile GMIT (Cluain Mhuire, Caisleán an Bharraigh, agus Leitir Fraic) a fháil saor in aisce ar an mbealach céanna le leabhar a chur in áirithe.

Iasachtaí Idirleabharlainne
Mura bhfuil an leabhar nó an iris atá uait sa stoc féadfaimid iad a fháil ar iasacht ó fhoinsí seachtracha trínár scéim iasachta idirleabharlainne. Níl le déanamh agat ach na foirmeacha ar líne a chomhlánú atá ar fáil trínár webpac. Cliceáil anseo le haghaidh nósanna imeachta agus foirmeacha iarratais.

Cód Iompair na Leabharlainne
Iarrann an leabharlann go mbeadh ár bpátrúin go léir eolach ar an gCód Iompair agus a bheith sásta rialacha agus rialacháin na leabharlainne a chomhlíonadh. Smaoinigh ar na pátrúin eile atá ag úsáid na leabharlainne trí ghéilleadh don chód ciúnais agus do theileafón a chur as nó a bheith gan fuaim. Tá an cód iomlán iompair maidir le hiontráil i gcoitinne, ríomhaireacht agus ballraíocht le fáil anseo