Saoráidí na Leabharlainne
Saoráidí Ar Líne
Mo Chuntas Leabharlainne
Ligeann an tsaoráid seo do phátrúin a gcuntas féin a sheiceáil ar líne, trí logáil isteach lena n-ainm, uimhir ID agus PIN.
Bailiúcháin Leabharlainne
Liostaíonn an rannóg seo bailiúcháin a bhfuil an-tóir orthu de réir teidil, ar a n-áirítear teidil nua leabhar, irisí ar líne, tráchtais de réir ábhair agus campais, irisí reatha, closbhailiúcháin agus bailiúcháin CDanna agus DVDanna.
Páipéir Scrúdaithe Ar Líne
Tá liosta iomlán de gach iarpháipéar scrúdaithe, atá in-íoslódáilte do phátrúin le rochtain ar líne. Déantar páipéir a liostu de réir campais agus cúrsa. Tá sonraí iomlána le fáil ónár dtreoir do Pháipéir Scrúdaithe.
Coimeádtaí Cúrsa
Is bailiúcháin iad na Coimeádtaí Cúrsa a chuireann baill foirne acadúil sa leabharlann le haghaidh breathnú orthu sa leabharlann amháin le cárta reatha ID. Baintear úsáid as an tsaoráid Coimeádtaí Cúrsa chun Iar-Pháipéir Scrúdaithe a aisghabháil
Innéacsanna Ábhair Leabharlainne
Seasann na hinnéacsanna ábhair do chuid mhaith de na réimsí ábhair a ndéantar staidéar orthu in GMIT. Tá naisc le bunachair sonraí, irisí agus láithreáin úsáideacha laistigh de gach ceann acu, agus iad roghnaithe ag na leabharlannaithe ábhair chun cuidiú leat eolas a aimsiú i do réimse nó ábhar spéise féin. Tá tairseacha eile spéise do GMIT liostaithe freisin.
Mol Leabhar
Féadfaidh pátrúin teideal leabhair a mholadh ar líne nó féadfaidh tú cárta molta a chomhlánú ag an Deasc Fiosrúcháin. Féadfar moltaí maidir le teidil a chur le rphost chuig library@gmit.ie
Ráitis
Féadfaidh pátrúin tuairimí a chur in iúl ar sheirbhísí leabharlainne nó saoráidí ar bith ar líne. Féadfar ráitis a chur le rphost freisin chuig library@gmit.ie
Nuachtlitreacha
Déantar Nuachtlitreacha Leabharlainne a chur i gcló trí huaire sa bhliain nó uair amháin sa téarma. Tá iarchomhad iomlán de na hiar-nuachtlitreacha go léir le fáil anseo.
Treoracha Leabharlainne
Tá liostaí iomlána de gach treoir leabharlainne GMIT i dtrí chatagóir: ginearálta, faisnéis agus ábhar.
Nuacht Leabharlainne
Coinnigh cothrom le dáta le nuacht leabharlainne: cuir moltaí agus ráitis isteach agus úsáid á baint as ár mblag leabharlainne.
Saoráidí na Leabharlainne - Seomraí
Seomra Cartlainne
Tá an seomra cartlainne suite ar an gcéad urlár in aice an staighre. Tá bailiúchán leabhar tearc ann agus bail leochaileach ar go leor acu. Ní cheadaítear rochtain oscailte de bharr leochaileacht na leabhar agus ní mór do dhuine ar bith atá ag iarraidh breathnú ar an mbailiúchán cúnamh a lorg ag an deasc eisiúna. Féach bailiúchán cartlainne
Aonad d’Fhoghlaim Neamhspleách
Tá an tsaoráid seo ceaptha do dhaoine le riachtanais speisialta amháin. Tá raon mór trealaimh agus bogearraí ann atá ceaptha chun an dúshlán acadúil a mhaolú beagán dóibh siúd le míchumais fhisiceacha nó eile. Cliceáil anseo le haghaidh liosta iomlán an tsaintrealaimh atá san Aonad d’Fhoghlaim Neamhspleách.
Seomra TF
Tá an seomra seo tiomanta d’oideachas an úsáidire ar líne leabharlainne. Féadfar seisiúin oiliúna sa seomra TF a chur in áirithe trí ghlao ar fho-líne 2784, nó trí theagmháil a dhéanamh le deasc faisnéise na leabharlainne.
Seomra Ilmheán
Tá an seomra seo tiomanta do rochtain a chur ar fáil ar stoc ábhair closamhairc agus ilmheán na leabharlainne. Féadfaidh baill foirne agus neacha léinn an tsaoráid seo a úsáid ar bhonn aonair amháin. Féadfaidh grúpaí breathnú ar fhíseáin, DVDanna, etc sa seomra seimineáir ar an gcéad urlár. Féadfar é a úsáid freisin chun breathnú ar theidil micrifhíseanna agus micreascannán agus a phriontáil, agus chun teacht ar CD-romanna agus DVDanna. Féadfar tuilleadh faisnéise faoi na saoráidí a fháil sa Seomra Ilmheán anseo.
Fótachóipeáil
Tá an Seomra Fótachóipeála suite ar bhunurlár na leabharlainne, díreach ar an taobh deas den bhealach isteach. Tá sé fhótachóipeálaí (ceann amháin daite) ar fáil lena n-úsáid. Ní mór cártaí cóipeála a cheannach ón dáileoir atá suite sa seomra fótachóipeála le haghaidh na cóipeála uile sa leabharlann.
Seomra Taighde
Tá seomra tiomanta ar fáil do neacha léinn atá i mbun taighde. Tá sé suite ag bun na leabharlainne ar an mbunurlár in aice le hoifig an leabharlannaí. Ar na saoráidí atá ann tá 12 PC atá ceangailte le printéirí, fótachóipeálaí agus roinnt leabhar tagartha agus treoirleabhar. Féadfar áirithintí a dhéanamh ar líne ag an deasc faisnéise nó trí ghlao teileafóin ar 091-742785. Cliceáil anseo le haghaidh breis eolais faoin Seomra Taighde.
Seomra Tráchtais
Tá bailiúchán sa Seomra Tráchtais de na tráchtais Chéime, Máistir agus Doctúireachta. Tá liostaí na dtráchtas le fáil anseo. Níl rochtain oscailte ar sheomra tráchtais na Gaillimhe – féadfaidh pátrúin cóipeanna crua a sheiceáil nó liostaí ar líne de na tráchtais neach léinn agus iarratas a chur isteach ar suas le trí theideal ó fhoireann na leabharlainne ag an deasc fiosrúcháin. Ní féidir breathnú ar thráchtais ach amháin sa leabharlann agus ar feadh tréimhse nach mó ná trí huaire í, mar atá de réir riail iasachta an Deasc-choimeádta agus ní mór iad a thabhairt ar ais go dtí an deasc fiosrúcháin. Féadfar tráchtais neamh-GMIT a iarraidh trínár rannóg Iasachtaí Idirleabharlainne. Tabhair faoi deara le do thoil go mbraithfidh a n-infhaighteacht ar pholasaithe na leabharlann a choinníonn iad agus ní ar GMIT.
Seomraí Staidéir
Cuireann leabharlann Champas GMIT na Gaillimhe 15 seomra staidéir atá deartha go speisialta ar fáil ar an gcéad urlár le haghaidh obair thionscadail agus grúpstaidéir. Féadfar seomraí a chur in áirithe ar an lá ag an deasc fiosrúcháin agus déanann siad freastal ar suas le 8 neach léinn ag am amháin. Féadfar áirithintí a dheanamh ag an deasc fiosrúcháin nó trí ghlao teileafóin ar 091-742785.