Acmhainní Priontáilte
Tá breis is 119,000 mír ar fáil i leabharlanna GMIT, ar féidir iad a chuardach ó
chatalóg na leabharlainne. Féadfar formhór na n-acmhainní priontáilte a fháil ar iasacht; ach tá roinnt acmhainní nach mór a úsáid sa leabharlann amháin
Deasc-choimeád: Lena úsáid sa leabharlann ar feadh uasmhéid ama de thrí huaire in aghaidh an phátrúin. Tabhaítear fíneáil de 50c in aghaidh na huaire nó cuid d’uair mura dtugtar leabhar ar ais in am. Ní féidir míreanna a athnuachan.
Ginearálta: Féadfaidh neacha léinn na leabhair seo a fháil ar iasacht ar feadh aon seachtain amháin. Féadfar leabhair a athnuachan faoi dhó mura bhfuil siad iarrtha ag pátrúin eile.
Foilseacháin Rialtais: Is le haghaidh a léamh amháin iad na hábhair sa rannóg seo. Tá siad i mboscaí de réir uimhreacha réamhshocraithe atá lipéadaithe in ord aibítre.
Tagairt: Is le haghaidh a léamh sa leabharlann amháin é an t-ábhar tagartha.
Iasacht Ghearr (iasacht 1 lá): Ní féidir leabhair a bhfuil an-éileamh orthu a fháil ar iasacht ach ar feadh 24 uair. Ní féidir na míreanna seo a athnuachan. Tabhaíonn míreanna a thugtar ar ais go deireanach fíneáil de 20c in aghaidh na huaire nó cuid d’uair. Tá na leabhair ghearriasachta ar na seilfeanna i dteannta an bhailiúcháin ghinearálta.
Leabhair
Tá gach leabhar (cés moite de theidil ficsin, a chuirtear ar na seilfeanna in ord aibítre de réir údair) ar na seilfeanna in ord ábhair de réir chóras Aicmiúchán Deachúil Dewey. Taispeántar leabhair nua sa cheantar iontrála den phríomhleabharlann ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath. Féadfar na leabhair sin a fháil ar iasacht ach iad a thabhairt go dtí an deasc eisiúna.
Irisí
Tá ár stoc d’irisí suite laistiar den staighre ar an mbunurlár de leabharlann Bhóthar Bhaile Átha Cliath. Tá na hirisí reatha curtha san ord céanna lenár stoc leabhar, de réir chóras
Aicmiúchán Deachúil Dewey. Is le haghaidh úsáide sa leabharlann amháin iad na hirisí uile. Tá liosta iomlán na n-irisí, ar a n-áirítear irisí ar líne, le fáil ó
chatalóg na leabharlainne.
Ar na hAcmhainní Eile Priontáilte atá ar fáil i leabharlanna GMIT tá tuairiscí bliantúla, páipéir scrúdaithe, foilseacháin rialtais, nuachtáin, réamheolairí, tráchtais.